Dearbháin bronntanais
Cad iad do chearta tomhaltóirí agus dearbháin earraí á úsáid agus á cheannach agat?
Tá tomhaltóirí na hÉireann faoi chosaint ag an dlí nuair a cheannaíonn siad dearbháin earraí, nó cártaí earraí mar a thugtar orthu. Cosnaíonn an tAcht um Chosaint Thomhaltóirí (Dearbháin Earraí), 2019 cosnaíonn sin do chearta tomhaltóirí agus cártaí earraí á cheannach agus á úsáid agat, go háirithe na dearbháin aon-siopa/sraithe mar aon le cártaí earraí do hionaid siopadóireachta.
Tá neart dearbháin eile amuigh ansin, áfach, nach bhfuil faoi chosaint ag an Acht um Chosaint Thomhaltóirí (Dearbháin Earraí) – amhail dearbháin One4All. Tá sé tábhachtach bheith ar an eolas faoin gcineál dearbhán atá agat, agus cad iad do chearta leo. Is féidir liosta iomlán na ndearbhán earraí a fheiceáil thíos.
Agus dearbhán earraí á cheannach nó a úsáid agat, tá na cearta tomhaltóirí seo a leanas agat:
- Do na dearbháin sin atá faoi chosaint ag dlí chearta tomhaltóirí na hÉireann, bíonn dáta éaga cúig bliana ag an dearbhán. Ní mór an dáta éaga sin á sheoladh chugat i scríbhinn nó sa ríomhphost. Má cheannaítear dearbhán earraí ó ghnó eile san AE, tá gach seans nach mbíonn an dáta éaga céanna de cúig bliana orthu. Níl bunriachtanais ar fud an Aontais ann, mar sin ní mór na téarmaí agus coinníollacha ar an dáta éaga a leamh sula cheannaítear é.
- Ní gcaithfidh tú an t-iarmhéid a chaitheamh le hidirbheart amháin. I gcás cuid d’iarmhéid an dearbháin a chaitheamh – agus níos mó ná €1 fágtha ar an dearbhán i ndiaidh na hidirbhearta sin – caithfidh an gnó an t-iarmhéid fágtha a aisíoc trí airgead tirim, trí ríomhaistriú (cárta dobhair/creidmheasa), nó trí dearbhán eile. Ní mór don dáta éaga bheith mar an gcéanna leis an mbundearbhán.
- Is féidir níos mó ná dearbhán amháin a úsáid ag aon am amháin. Mar shampla, má bhíonn costas €100 ar earra, agus tá dhá dhearbhán de €50 agat, is féidir an dhá dhearbhán sin a úsáid leis an earra a cheannach.
Cad iad na dearbháin earraí atá faoi chosaint ag an Acht um Chosaint Thomhaltóirí (Dearbháin Earraí), 2019?
Faoi chosaint:
- Dearbhán le haghaidh siopa ar leith, nó le haghaidh sraithe siopaí
- Cárta earraí d’ionad siopadóireachta – do na siopaí sin san ionad siopadóireachta amháin agus chan do shiopaí lasmuigh den ionad
Gan chosaint:
- Cártaí earraí nach d’ionad siopadóireachta amháin – na cinn ar féidir a úsáid laistigh den ionad sin agus ag gnóthaí eile lasmuigh
- Dearbháin lacáiste ar líne – dearbhán lascainithe d’earra, seirbhís nó eispéireas ar leith – agus caithfear iad a úsáid laistigh de thrí mí nó faoi dháta áirithe.
- Cártaí airgid leictreonacha – cártaí dobhair réamhíoctha ar féidir a úsáid gach áit a nglacann cártaí dobhair/creidmheasa
- Cártaí earraí One4All – cártaí ar féidir a úsáid le cuid mhór miondíoltóirí
- Scéimeanna dílseachta – cúpóin airgid ó ghnóthaí chuig custaiméirí as a gcuid dílseachta
- Nótaí creidmheasa – nuair a thugtar earra ar ais chuig an siopa agus tugann siad dearbhán nó nóta creidmheasa duit
Nuair atá dearbhán ionaid siopadóireachta nó cárta earraí á cheannach agat, ní mór ná téarmaí agus coinníollacha a leamh. Más rud é go réamhíoctar an cárta le Visa nó le Mastercard, seans nach mbeidh sé faoi chosaint ag na rialacha dearbháin earraí.
D’fhéadfadh le cártaí One4All agus cártaí airgid leictreonacha bheith faoi chosaint ag dlíthe le haghaidh chearta tomhaltóirí airgeadais, cé nach mbíonn siad faoi chosaint ag an Acht um Chosaint Thomhaltóirí (Dearbháin Earraí).

