Skip to Content

Cad is rud é riaráistí morgáiste?

Bíonn riaráistí morgáiste ann nuair nach n-íocann tú gach aisíocaíocht morgáiste. Is féidir leis sin tionchar a imirt ar do stair chreidmheasa, agus i gcás gan sin a réiteach, thiocfadh leat do theach a chailliúint. Má bhíonn tú ag streachailt le d'aisíocaíochtaí morgáiste, nó má shíleann tú go mbeidh trioblóid agat ceann de na híocaíochtaí sin a íoc, déan teagmháil láithreach le d'iasachtóir - agus sin a dhéanamh i scríbhinn, más féidir. 

Ar an leathanach seo: comhairle neamhspleách saor in aisce agus tacaíochtaí amhail an tSeirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid (MABS), Abhaile agus an Cód Iompair maidir le Riaráiste Morgáiste ó Bhanc Ceannais na hÉireann.

Cad iad na roghanna atá agat mura n-íocann tú íocaíocht de na híocaíochtaí morgáiste?

  • Déan teagmháil láithreach le d'iasachtóir
  • Déan athbhreithniú ar d'ioncam agus ar do chaiteachas
  • Déan plean gníomhaíochta fiachais a chur le chéile le hullmhú don chomhrá

Cad a n-iarrfaidh d'iasachtóir asat?

Iarrfaidh siad ar shonraí d'ioncaim, caiteachais, fiachais, agus ar shonraí d'acmhainní. Beidh ort Bunráiteas Airgeadais (SFS) a líonadh amach. Chuir Banc Ceannais na hÉireann treoir le chéile chun an foirm a líonadh. 

Cad faoi roghanna malartacha?

Seans go gcuirfear iasachtóirí roghanna malartacha ar fáil, amhail íocaíochtaí úis amháin, an téarma morgáiste a shíneadh amach, nó na haisíocaíochtaí a athstruchtúrú.

Cad is rud é an Próiseas Réitigh Riaráistí Morgáiste (MARP)?

Faoin gCód Iompair maidir le Riaráiste Morgáiste ón mBanc Ceannais, ní mór do gach iasachtóir a Próiseas Réitigh Riaráistí Morgáiste (MARP) a chur ar fáil do mhorgáistí ar an teach cónaithe (príomháit chónaithe). Ní mór d'iasachtóirí na cásanna sin a láimhseáil go tuisceanach agus go dearfach le cuidiú a thabhairt chun aisíocaíochtaí morgáiste a dhéanamh.

Do chearta agus do chosaint faoi MARP:

  • Ní mór go bpléifidh an t-iasachtóir mar is ceart agus le meas leat
  • Ní mór eolas soiléir ar do riaráistí, do roghanna malartacha, agus ar an bpróiseas MARP a bheith curtha ar fáil.
  • Déanfar do chás a mheas de réir do chúinsí aonaracha.
  • Ní mór socruithe aisíocaíochta malartaigh á chur ar fáil, nuair is féidir.
  • Is féidir cinntí na hiasachtóra a achomharc trí úsáid a bhaint as a bpróiseas achomhairc inmheánaigh.
  • I gcás gan bheith sásta leis an gcinneadh, is féidir gearán a dhéanamh leis an Ombudsman Seirbhísí Airgeadais agus Pinsean (FSPO).
  • Ní mór fógra i scríbhinn a dhéanamh sula ndéantar aon ghníomh dlí.
  • Tá comhairle neamhspleách saor in aisce ar fáil - m.sh. MABS, Abhaile, FLAC.

An bhfuil tacaíochtaí ar fáil má bhítear i riaráistí morgáiste?

Seirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid (SBCA)

Má bhíonn tú ag streachailt le fiachas nó le bainistíocht airgid, is féidir comhairle neamhspleách iontaoibhe saor in aisce a fháil ón tSeirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid (MABS) Is féidir le MABS d'fhiachas a bhainistiú, buiséad réalaíoch a chruthú, comhrá a dhéanamh le d'iasachtóirí agus plean a chur le chéile don todhchaí. 

Abhaile

Tá seirbhís Abhaile (ó MABS) ann le cuidiú leat má bhíonn tú i riaráistí morgáiste. Trí Abhaile, is féidir rochtain a fháil ar chomhairle fiachais, comhairle airgeadais, comhairle dlí agus comhairle dócmhainneachta, agus tá sin uile saor in aisce. Tabharfar comhairleoir ar leith chuig do chás agus beidh siad in ann comhrá a dhéanamh le d'iasachtóir chun an réiteach is fearr a fháil duit.

Comhairle airgeadais áirithe

Mar chuid de MARP, íocann iasachtóirí rannpháirteacha, íocann siad €250 ar chomhairle airgeadais áirithe. Tuilleadh eolais – Mabs.ie.

FLAC

Cuireann Ionaid Comhairle Dlí Saor in Aisce (FLAC) seirbhísí dlí saor in aisce ar fáil i gcás d'iasachtóir tús a chur le himeachtaí athshealbhaithe.

Cad a tharlaíonn sa chás go ndíolfar do mhorgáiste chuig comhlacht eile?

Má dhíoltar do mhorgáiste, fanann do chearta mar an gcéanna ná mar atá siad faoin Cód Cleachtais le haghaidh Riaráistí Morgáiste.

Cad faoi bheith i riaráistí morgáiste go fadtéarmach (níos mó ná 2 bhliain)?

I gcás bheith i riaráistí morgáiste go fadtéarmach, seans go mbeidh cosaintí agus tacaíochtaí sa bhreis ar fáil - cuir ceist ar d'iasachtóir nó ar MABS.

Cá fhad ar chóir fanacht roimh ghníomh dlí a dhéanamh? 

Níor cheart athshealbhú a dhéanamh ach sa chás nach bhfuil an dara rogha ann. Ní mór an próiseas MARP a leanúint, rud a thugann am duit le réiteach a fháil.

Cad faoi do stair chreidmheasa agus iasachtaí amach anseo a fháil?

  • Drochthionchar ar do thaifead creidmheasa: Déantar íocaíochtaí morgáiste nár íocadh, déantar sin a thuairisciú chuig an Clár Lárnach Creidmheasa (CCR). Ciallaíonn sin go mbeidh sé níos deacra iasachtaí a fháil amach anseo, mar aon le cártaí creidmheasa nó fiú conarthaí gutháin. 
  • Deacrachtaí chun morgáiste a fhail: Is féidir le hiasachtóirí iarratais morgáiste a dhiúltú nó téarmaí níos measa a chur ar fáil má bhíonn stair de riaráistí agat. 
  • Costais iasachta níos airde: Má fhormheastar thú le haghaidh creidmheasa, seans go ngearrfar rátaí úis níos airde ort mar cuirfear síos gur riosca níos airde thú. 
  • Éifeachtaí fadtéarmacha: Is féidir riaráistí morgáiste fanacht ar do thaifead creidmheasa go ceann cúig bliana i ndiaidh an cheist a réiteach, rud a dhéanann tionchar ar do roghanna airgeadais sna blianta amach romhat.

Cad a tharlaíonn i gcás nach féidir leat íoc as do theach? 

Tá go leor roghanna ann:

  • An teach a dhíol: Seans go mbeidh tú in ann an teach a dhíol, le comhaontú iasachtóra, chun an méid is mó den mhorgáiste a íoc. Má bhíonn difear airgid ann idir an díol agus an méid iomlán atá go fóill le haisíoc, ní mór comhaontú a dhéanamh le d'iasachtóir chun cibé fiachas fágtha a íoc.
  • Scéim morgáiste go cíos: Má bhíonn tú fóirsteanach dó, seans go mbeidh tú in ann fanacht i do theach agus tú i do thionónta tithíochta sóisialta. Faoin scéim seo, ceannaíonn cumann tithíochta nó údarás áitiúil do theach, agus íocann tú cíos leo in áit morgáiste a íoc. Tá treoir ag An Ghníomhaireacht Tithíochta air.
  • Réitigh dócmhainneachta pearsanta: Mura féidir d'fhiachas a bhainistiú, seans go mbeidh tú in ann iarratas a dhéanamh ar  Chomhshocraíocht Dócmhainneachta Pearsanta (PIA). Sin réiteach foirmiúil de réir an dlí ar féidir cuidiú leat leis an morgáiste agus le cineál fiachais eile. Cuireann seirbhís Abhaile agus MABS comhairle agus tacaíocht saor in aisce ar fáil.
  • Ar ais ar an mbóthar ceart: Cuireann Seirbhís Dócmhainneachta na hÉireann tacaíocht riaráistí morgáiste agus athshealbhaithe ar fáil.
  • Féimheacht: Sin próiseas dlí a dhíscríobhann an chuid is mó d'fhiachais mura bhfuil tú in ann iad a íoc agus i ndiaidh duit réitigh eile a thrialladh. Níor cheart é sin a dhéanamh ach sa chás nach bhfuil an dara rogha ann agus tá impleachtaí troma i gceist do an creidmheas s'agat agus d'acmhainní. Tá eolas ag Gov.ie air. 

Níl sa roghanna sin ach sa chás nach bhfuil an dara rogha ann agus tá impleachtaí troma fadtéarmacha i gceist leo. Sula dhéantar cinneadh ar aon rud atá thuas luaite, ní mór teagmháil luath a dhéanamh le d'iasachtóir - is féidir an chuid is mó d'fhadhbanna a réiteach trí chomhoibriú. 

Ní mór comhairle airgeadais neamhspleách a fháil ó MABS, a féidir do roghanna a leagan amach agus tacaíocht a thabhairt le linn an próisis. Tugann an ghníomhaíocht luath agus comhairle a iarraidh, tugann sin an seans is fearr duit le réiteach a fháil agus do theach a choinneáil, más féidir.

Tá creatlach ag Cónaidhm Bhaincéireachta agus Íocaíochta na hÉireann agus ag MABS le dul i ngleic le riaráistí morgáiste.