Cosain tú féin ó chamscéimeanna
Conas camscéimeanna a aithint agus conas tú féin a chosaint uathu?
Scéimeanna mímhacánta iad na camscéimeanna agus deartar iad chun d'airgead nó do shonraí a ghoid. Chun tú féin a chosaint, bí airdeallach ar gach bratach dhearg, amhail iarratais nach raibh tú ag dúil leo ag iarraidh faisnéis phearsanta nó airgeadais, brú le rudaí a líonadh isteach go gasta, tairiscintí mealltacha, naisc nó ceangaltáin amhrasacha agus iarratais neamhghnácha chun airgead a aistriú nó chun cuntais nua a oscailt.
Stop agus smaoinigh sula roinneann tú aon sonra agus déan teagmháil le do bhanc nó le d'eagraíocht trí mhodh teagmhála bailí. Má shíleann tú go rinneadh camscéim ort, déan teagmháil láithreach le do bhanc agus cuir ceist orthu faoi airgead ar ais agus ansin déan an eachtra a thuairisciú chuig na Gardaí.
Cad é aidhmeanna na gcamscéimeanna?
Is é príomhaidhm na gcamscéimeanna ná tú féin a mhíthreorú agus d'airgead a ghoid. Téann caimiléirí sa tóir ar do chuntas bainc, do shonraí cárta, d'uimhir PIN nó ar aon fhaisnéis íogair eile. Tá cuid mhór dár saolta ar fáil ar líne, agus baineann caimiléirí leas as an teicneolaíocht agus as na meáin sóisialta chun dallamullóg a chur ort. Tá sé deacair camscéimeanna a aithint.
Cad iad na bratacha dearga?
Bí airdeallach faoi na rudaí seo a leanas:
- Duine nach n-aithníonn tú ag teacht aniar aduaidh ort ag iarraidh sonraí pearsanta nó airgeadais uait
- Duine ag cur brú ort cinneadh gasta a dhéanamh
- Tairiscintí mealltacha chun duais nó airgead a bhailiú
- Ríomhphoist nó teachtaireachtaí ag iarraidh go n-osclaíonn tú naisc nó ceangaltáin
- Iarratais chun airgead a aistriú ar dhóigheanna aisteacha, nó iarratais chun cuntais nua a oscailt
Cad iad na rialacha órga?
Stop
Ná tabhair ar aghaidh do shonraí pearsanta mura bhfuil tú cinnte faoin té a bhfuil tú ag caint leis. Is féidir le caimiléirí cur i gcéill gur as an mbanc, Revenue, HSE nó fiú as na soláthraithe fuinnimh iad. I gcás teachtaireacht a fháil ina iarrtar ort rud nó gníomh gasta a dhéanamh, glac d'am agus amharc go beacht.
Smaoinigh
Cuir ceist ort féin, an féidir camscéim bheith i gceist? An ndearna do bhanc nó do sholáthróir fuinnimh teagmháil leat sa dóigh seo riamh? Má bhíonn cuma ar an scéal go bhfuil an rud ró-mhaith le bheith fíor, is mion minic nach mbíonn sé fíor. Ná chliceáil ar aon nasc nó ceangaltán nach bhfuil tú céad faoin gcéad faoi. Gabh leis an gcéad rud a rith leat -má mhothaíonn tú go bhfuil rud éigin contráilte, déan seic.
Déan seic
Má fhaigheann tú teachtaireacht agus nach bhfuil tú soiléir faoi, déan teagmháil leis an mbanc nó eagraíocht trí gutháin oifigiúla nó ríomhphoist bailithe. Mar shampla, is féidir glaoigh ar an mbanc trí uimhir an bhainc ar chúl do chárta nó ar do ráiteas bainc.
Cad é le déanamh má fhágtar san fhaopach thú toisc ar chamscéimeanna?
Má shíleann tú go ndearnadh camscéim ort, déan teagmháil láithreach le d'eisitheoir bainc nó cárta creidmheasa. Iarr orthu gach íocaíocht a mhalartú trí airgead ar ais. Is féidir leo comhairle a thabhairt duit agus do chuntas a reo. Seans go gcuirfear ar ceal do chárta go dtí go réiteofar é.
Ní mór teagmháil a dhéanamh leis na Gardaí freisin.
Tá sé tábhachtach taifead de gach idirbheart agus sonraí na gcamscéimeanna a choinneáil, amhail dátaí, méideanna, comhfhreagras agus uimhreacha tagartha. Ná déan teachtaireachtaí nó ríomhphoist camscéimeanna a scriosadh go dtí go dtuairiscíonn tú an eachtra, nó seans go mbeidh sin de dhíth ag do bhanc nó ag na Gardaí. Beidh an t-eolas sin tábhachtach don mbanc nó do na Gardaí chun do chás a fhiosrú agus i gcás go caithfear gearán oifigiúil a dhéanamh.

